Céiliúradh Seachtain Na Gaeilge i gColáiste Pobail Bheanntraí roimh Lá Fhéile Pádraig. Bhí go leor imeachtaí ar siúl dos na daltaí ar fad. Bhain an chéad bhliain ard taitneamh as céilí i halla na scoile ar an 16ú Márta. Bhí an dara bliain ar thóir taisce le Tóraíocht Taisce timpeall na scoile Dé Céadaoin freisin. Bhain an triú agus an cúigiú bliain sult as Tráth na gCeist sna ranganna Gaeilge. Bhí tae agus plé ag bliain a sé chun an tseachtain a chur chun crích! Agus níl deireadh tagtha leis an spraoi go fóill. Beidh cuairt ag an idirbhliain ó Bernard Casey ar an 24ú Márta. Bhain na daltaí is na múinteoirí fíor thaitneamh as na himeachtaí go léir. Táimid ag tnúth leis an bhliain seo chugainn cheana féin!